Cúrsaí Sláinte - Meabharshláinte - Ní féidir a shéanadh ach gur fadhb mhór chasta í sláinte intinne In Éirinn


 

Alt 1 - Réamhrá


Is beag rud atá níos lárnaí i saol an duine ná cúrsaí sláinte intinne, is fear an tsláinte ná an táinte mar a deir an seanfhocal, ach muna bhfuil córas sláinte intinne, éifeachtach in Éirinn, tá baol ann. Tá gach rud ag brath ar chúrsaí meabhairshláinte. Is ar éigean a théann lá tharainn nach mbíonn tagairt de shórt éigean faoi chúrsaí meabhairshláinte. Dá bhrí sin, ba chóir dom an scéal a iniúchadh agus mo thuairim féin a thabhairt faoi na fadhbanna atá ann.. Tá súil agam go mbeidh se ríshoiléir go bhfuil fadhb ollmhór againn agus níl sí inghlactha a thuilleadh i sochaí an lae inniu agus ba cheart dúinn iarracht choinsiasach a dhéanamh chun líon na ndaoine atá ag fulaingt lena chuid meabhairshláinte a laghdú agus níos mó cabhrach a chur ar fáil, sula mbeadh sé. ródhéanach. Is ceart dúinn mar sin sracfhéachaint a thabhairt ar an scéal.


Is beag rud atá níos lárnaí i saol an duine ná cúrsaí sláinte intinne - There are fewer things more central in the life of a person than their mental health


Is ar éigean a théann lá tharainn nach mbíonn tagairt de shórt éigean faoi chúrsaí meabhairshláinte - Not a day goes by that there isn't some mention of mental health.

 

Alt 2 - An scéal i láthair na huaire


Cad is brí leis an téarma meabhairshláinte? Is éard atá i gceist ná an bealach a mhothaíonn tú fút féin agus do chumas déileáil le na fadhbanna laethúla atá agat i do ghnáthshaol. Má fhéachaimid ar na staitisticí níl aon dabht ach gur scanrúil an pictiúr a fheicimid. Deirtear go bhfuil fadhbanna leis an dúlagar ag duine amháin as cúigear in Éirinn. Is deacair a chreidiúint go gcuireann beagnach ceithre chéad duine lámh ina mbás féin sa tír seo gach bliain. Is iad na fir óga ochtó faoin gcead den 400 sin. de na daoine a chuireann a lámh ina mbás féin. Cé a chreidfeadh go dtarlaíonn a leithéid? Bhuel, tarlaíonn sé agus ní cóir d’éinne a bheith bródúil as mar a fheictear domsa é, is fadhb mhór chasta í.


dúlagar - depression

Cé a chreidfeadh go dtarlaíonn a leithéid? - Who would've thought that the likes of this happens?

ní cóir d’éinne a bheith bródúil as - No one should be proud of it

 

Alt 3 - Na Cúiseanna


Ach cad iad na cúiseanna? Ar an gcéad dul síos, déarfainn féin go láidir go bhfuil baint mhór ag na Meáin leis an dúlagar nó meabhairghalar, go hairithe i measc na n-óg. Cruthaítear brú sóisialta maidir le cuma fhisiciúil.. Chomh mhaith leis sin, úsáidtear na meáin shóisialta chun téacsanna gránna a sheoladh. Ná déanaimis dearmad ar na cailíní bochta as Éirinn a ghabháil chuir a lámh ina mbás féin mar gheall ar “ask.fm”. Is scanrúil an rud é go scriosann an chíbearbhulaíocht saol agus intinn a lán daoine óga agus go deimhin go gcúisíonn sé le féinmharú no dúlagar. 


Ar an gcéad dul síos - firstly

i measc na n-óg (TGUI) - amongst the youth

go gcúisíonn sé le - It results with

 

Ar an dara dul síos, feictear domsa gurb iad an t-alcól agus na drugaí is cúis leis an bhfadhb mhillteanach seo. Is minic a chasann daoine ar dhrugaí no ar ragús óil chun faoiseamh a fháil chun éalú on chruatan an tsaoil. Bíonn roinnt daoine róthógtha do na drugaí nó an t-alcóil. De réir an taighde is déanaí, tá baint ag alcól nó drugaí i gcaoga faoin gcéad de na cásanna ina chuireann daoine a lámh ina mbás féin. Tá an fhianaise ann,  go ndéantar damáiste ollmhór don mheabhairshláinte de bharr an alcóil agus drugaí.


Ar an dara dul síos - Secondly

Is minic a chasann daoine - People often turn to

De réir an taighde is déanaí - According to the latest research

 

Tá an galar seo forleathan I measc daoine fásta chomh maith. Rinne an cúlú eacnamaíochta a lán dochair don mheabhairshláinte. Bhí cúrsaí go dona agus tá siad ag dul in olcas lá i ndiaidh lae. Cailleadh poist agus ní raibh daoine ábalta a gcuid morgáistí a íoc. Cuireadh brú ollmhór ar mhuintir na hÉireann. De thoradh ar sin, bhí meabhairshláinte an duine ina phraiseach. Is léir go raibh an fhadhb seo ag réabadh tríd an tír seo le blianta beaga anuas.


tá siad ag dul in olcas lá i ndiaidh lae - They are getting worse

ina phraiseach - in a right mess


Alt 4 - An Scéal amach anseo


Ach, Féachaimis ar na rudaí dearfacha. Sna laethanta seo, bíonn daoine ag caint faoina gcuid mothúcháin agus ag teacht amach agus ag labhairt faoina gcuid fadhbanna. Féach ar an méid oibre atá déanta ag eagraíochtaí mar “Pieta House” agus “Jigsaw”. Gan iad, bheadh an scéal i bhfad níos measa.

 


Is deacair an fhadhb a réiteach. Ceapaim nach mór don Rialtas tuilleadh oideachais faoin bhfadhb seo a thabhairt don ghlúin nua atá ag fás aníos faoi láthair. Mar, blianta o shin, bhí an fhadhb faoi cheilt ach is mór idir inné agus inniu. Mholfainn do dhaoine óga a chuid mothúcháin a phlé agus cabhair agus comhairle a lorg ma ta fadhbanna acu. Chuirfeadh sé áthas orm, dá dtabharfaí an t-oideachas dóibh.


ceapaim nach mór don Rialtas tuilleadh oideachais faoin bhfadhb seo a thabhairt don ghlúin nua atá ag fás aníos faoi láthair - I think the Government needs to educate the next generation better that are growing up at the minute


Ba chóir don Rialtas níos mo airgid a infheistiú I bhfeachtais agus scéimeanna chun meabhairshláinte a fheabhsú, mar shampla, níos mo cabhair a chur ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt nó dlíthe níos déine a chuir i bhfeidhm maidir le cíbearbhulaíocht, daoine a sháraíonn an dlí agus drugaí mídhleathacha. D’fheabhsódh siad cúrsaí agus bheinn lán sásta.



D’fheabhsódh(M.Ch) siad cúrsaí agus bheinn(M.Ch) lán sásta - That would improve things and I would be happy


Alt 5 - An Chríoch

 

Mar bhuille scoir, tá sé deacair meabhairghalar a aithint i measc ár gcairde agus ár dteaghlaigh. sin é an fáth go bhfuil sé an fhadhb is casta sa tír seo i mo thuairim, mar níl mar a shíltear a bhítear. Mar sin tá sé thar am againn tabhairt faoi na fadhbanna seo chun iad a réiteach. Ba cheart dúinn ar gcluas a thabhairt agus ár ndícheall a dhéanamh chun cabhair a lorg dúinn féin. Dá fhad an lá, tagann oíche agus is féidir linn an scéal seo a chur ina cheart. Táim dóchasach don todhchaí. Is féidir linn an fhadhb seo a réiteach agus a laghdú dá n-oibreoimis le chéile. As a chéile a dhéantar na caisleáin.



Dá fhad an lá, tagann oíche - As the day is long, night comes (things will improve)


Is féidir linn an fhadhb seo a réiteach agus a laghdú dá n-oibreoimis le chéile - We can solve this problem and reduce it if we work together

 

Comments