Ceisteanna ar an dán 'Géibheann' - Ellie Phelan (Bliain 5)

Image result for géibheann
Ceisteanna ar an dán 'Géibheann' - Ellie Phelan (Bliain 5)

Cén bhaint atá ag teideal an dáin leis an téama?

An bhaint atá ag teideal an dáin leis an téama ná is é sin conas a mhothaigh an file ag deireadh an dáin. “agus breathnaím trí leathshúil ar an gcrann aonraic sin thall tagann na céadta daoine chuile lá a dhéanfadh rud ar bith liom ach mé a ligean amach”. Nuair a bhí an file ag scríobh an dáin seo bhí sí greamaithe don leaba ospidéal le tinneas. Mhothaigh sí mar phríosúnach gafa san ospidéal. Ní raibh aon saoirse aici. Tá ceangail díreach indirect teideal an dáin agus an téama. Mothaíonn on leon sa dán mar príosúnach gafa sa zú. Ní féidir le haon duine a shaoirse a thabhairt dó agus is é sin an t-aon rud atá uaidh. 

Image result for géibheann

Scríobh nóta ar théama an dáin seo.

Is é príomhthéama an dáin seo ná daoirse. Ag tús an dáin bhí fuinneamh ag an ainmhí fiáin (an leon). Bhí sé cumhachtach, álainn, bhí sé bródúil agus bhí dínit aige. “Ainmhí mé ainmhí allta as na teochreasa a bhfuil clú agus cáil ar mó scéimh chroithfinn crainnte na coillte tráth le mo gháir!” Anseo sa dán tá an t-ainmhí fiáin ag déanamh cur síos faoi conas mar a bhí a a shaol. Tá saoirse aige, is féidir leis aon rud a dhéanamh. Ach sa dara pháirt don dán ní fhanann sé mar sin. Tá saoirse an leoin tógtha uaidh, agus níl aon rud aige. Anois tá sé uaigneach agus éadóchasach. “ach anois luím síos agus breathnaím trí leathshúil ar an gcrann aonraic sin thall tagann na céadta daoine chuile lá a dhéanfadh rud ar bith liom ach mé a ligean amach”. Anseo sa dán tá an leon ag déanamh cur síos ar conas atá a shaol anois. Anois tá sé i ngéibheann, i ndaoirse, i bpríosún an zú. An t-aon rud atá sé ag iarraidh ná a shaoirse agus ní féidir le aon dhuine é a thugadh dó. Níl aon dínit ag an leon anois. Tá sé i ndaoirse agus is é daoirse príomhthéama an dáin mar is é saoirse an leoin an rud is tábhachtaí agus gam é tá sé i ndaoirse. “Ainmhí mé ainmhí allta as na teochreasa a bhí clú agus cáil ar mó scéimh chroithfinn crainnte na coillte tráth le mo gháir!”. Is féidir leat a fheiceáil an íomhá a chruthaíonn an file don leon álainn láidir.

Image result for lion

Cad é an mothúchán is láidre sa dán seo? Conas a léirítear é?

Is é éadóchas an mothúchán is láidre sa dán. Ag tús an dáin is féidir leat an leon a fheiceáil ina ghnáthóg nádúrtha. Tá saoirse aige, tá sé bródúil, láidir, cumhachtach agus álainn. Ach ag deireadh an dáin tá sé go hiomlán difriúil. Insíonn an dán scéal faoi conas a raibh saol an leoin roimh an zú agus conas atá sé anois. Ag tús an dáin bhí an leon sásta lena shaol.  “Ainmhí mé ainmhí allta as na teochreasa a bhí clú agus cáil ar mó scéimh chroithfinn crainnte na coillte tráth le mo gháir!” Is féidir leat a fheiceáil an íomhá a cruthaíonn an file don leon álainn láidir saor sna teochreasa. Ag deireadh an dáin déanann an file cur síos mar gheall ar shaol an leoin anois. “ach anois luím síos agus breathnaím trí leathshúil ar an gcrann aonraic sin thall tagann na céadta daoine chuile lá a dhéanfadh rud ar bith liom ach mé a ligean amach”. Anseo tá an leon ag mothú éadóchasach. Caitheann sé gach lá ag luí síos, níl aon fhuinnimh aige. Níl aon suim aige in aon rud. Tá saoirse ag teastáil ón leon ach níl sé ar fáil. Tá fhios ag an leon é seo agus sin an fáth go bhfuil an mothúchán is láidre sa dán éadóchas. Taispeánann an file é seo trí na híomhánna áille a chruthú sa dán, go háirithe ag deiridh an dáin. Úsáideann an file friotal éasca simplí ionas go mbeidh sé níos éasca an dán a thuiscint agus mar sin an príomh mothúchán sa dán a fháil amach agus sin é éadóchas.



Comments