Aiste - An Córas Oideachais Dara Leibhéal in Éirinn (2018)



An Córas Oideachais Dara Leibhéal in Éirinn

Alt 1 - Réamhrá

Ní lia duine ná tuairim. Níl aon amhras ach gur fíor an seanfhocal seo i dtaobh an ábhar; An

Córas Oideachais Dara Leibhéal in Éirinn. Tá an t-ábhar seo pléite agus athphléithe ag polaiteoirí, ag iriseoirí agus ag an bpobal i gcoitinne. Is léir go bhfuil roinnt dúshlán ann i láthair na huaire maidir leis an gcóras oideachais. Is cosúil go bhfuil ag teip orainn go dtí seo teacht ar aon réiteach sásúil ar an bhfadhb seo. Ní ionann sin is a rá nár cheart dúinn sracfhéachaint a thabhairt ar an scéal.


Alt 2 - An scéal i láthair na huaire

 

Ní gá dúinn ach éisteacht le ceannlínte na nuachta lá ar bith agus cloisfimid tagairt éigin don

Chóras Oideachais dara leibhéal agus na fadhbanna a ghabhann leis. Cuir i gcás rás na bpointí agus an brú millteanach a chuireann sé seo ar scoláirí bliain i ndiaidh bliana. Nach mór an náire é go bhfuil cúrsaí amhlaidh. Is minic a bhíonn daltaí ardteiste ag obair ó dhubh go dubh agus gan sos ná briseadh a thógáil ón gcruatain. Anuas air sin, tá costas an oideachais dara leibhéal ina scéal náireach. Go hoifigiúil tá an córas oideachais in ainm is a bheith saor in aisce. Is mór an scannal é go bhfuil an costas ard sin ar scoláirí dara leibhéal in Éirinn i láthair na huaire.



Alt 3 - Cúiseanna


Is é mo thuairim go bhfuil meascán de chúiseanna. Níl aon cheist ach go bhfuil cuid den locht ar an Roinn Oideachais agus a easpa gníomhaíochta ar an ábhar seo ar feadh na mblianta. Is dócha gurb í an Ardteist an scrúdú is deachaire. Cruthaíonn sé an-chuid brú ar scoláirí go bhfuil a dtodhchaí ar fad ag braith ar aon scrúdú amháin. Anuas air sin, ní haon bhréag a rá nach bhfuil go leor seirbhísí ar fáil do scoláirí atá ag fulaingt ón mbrú damanta dochreidte seo agus go gcruthaíonn sé seo a lán fadhbanna i measc na n-óg. Is cuma leis an Rialtas faoin scéal de réir cosúlachta.


 

Alt 4 - An scéal amach anseo/Réiteach ar an scéal

 

Mar a luaigh mé cheana, níl aon réiteach simplí ar an ábhar seo. Ba cheart tuilleadh airgid a chur ar fáil chun níos mó seirbhísí a bhunú do dhaltaí atá go mór faoi bhrú. Ba chóir tuilleadh áiseanna a chur ar fáil sna scoileanna chun costas an oideachais a ísliú do thuismitheoirí. Sílim go láidir go mbeadh córas measúnú leanúnach i bhfad níos oiriúnaí do scoláirí sa lá atá inniu ann, agus cabhróidh sé go mór leo. Caithfidh rud éigin a athrú, mar ní féidir linn leannúint leis mar atá sé i láthair na huaire. In am an gháthair ina bhfuilimid i láthair na huaire, agus teastaíonn gníomh go práinneach.

 

Alt 5 - Críoch

 

Mar bhuille scoir, an tslat nuair a chruann le haois, is deacair í a shníomh ina gad. Is fíor an

seanfhocal seo maidir leis an gCóras Oideachais dara léibhéal in Éirinn. Mar sin tá sé thar am againn tabhairt faoi na fadhbanna seo chun iad a réiteach. Dá fhad an lá, tagann oíche agus is féidir linn an scéal seo a chur ina cheart. Déanaimis rud éigin dearfach faoin gceist anois, fiú mura mbíonn ann ach ruidín beag bídeach. Bíodh dóchas againn. 'Is fearr súil le glas ná súil le huaigh.'







Comments