'Tugtar léargas iontach dúinn sa ghearrscéal seo ar an ngnáthshaol i mBéal Feirste.' Déan plé ar an ráiteas seo. (30 marc)
Rinne mé staidéar ar an ngearrscéal ‘An Gnáthrud’ le Deidre
Ní Ghrianna. Is fíor go
bhfaighimid léargas iontach ar an ngnáthshaol i mBéal Feirste.
Baineann sí úsáid
éifeachtach as codarsnacht, atmaisféar agus friotal chun
méadú a dhéanamh ar an uafás a cuireadh os comhair na léitheoirí le linn an ghearrscéil.
Teicníocht a úsáideann an t-údar go héifeachtach ná an
chodarsnacht. Tá codarsnacht
láidir i saol príobháideach Jimmy, a phearsantacht shéimh,
ghrámhar agus an timpeallacht ina
mairíonn sé. Nuair a bhíonn sé ag an mbéar, cuireann sé saol
truamhéalach na meisceoirí i
gcomparáid lena theach teolaí féin atá cosúil leis ‘na
pictiúir a tchifeá ar na hirisí loinnreacha
ardnósacha’ ba mhaith leis a bheith lena thriúr leanaí óga
‘go dteannadh sé lena chroí iad’.
Ta codarsnacht láidir idir a smaointe den teach, den tine,
dá bhean chéile agus dá ghrá di
agus an fuath agus an dainséar ata mórthimpeall air ar an
tsráid, áit a thagann carr suas
chuige go mall agus a scaoiltear urchar leis, á mharú.
Faighimid léiriú ar fhoréigean na
cathrach, áit a maraítear daoine soineanta go fánach, gan chúis
ar bith.
Ina theannta sin, cruthaítear atmaisféar gruama, sceirdiúil,
dorcha sa ghearrscéal. I
dtuaisceart na hÉireann, le linn na dtrioblóidí móra nár
ghnáthrud comónta é seo-atmaisféar
bagrach, baolach agus dorcha. Tá an teach tábhairne lán ach
braithimid go bhfuil uaigneas
ar Jimmy, an príomhcharachtar, agus nach maith leis a bheith
ann ar chor ar bith. ‘Ba mhaith
liom gabháil na bhaile’. Oíche fhuar, dhorcha i mí na Samhna
atá ann. Luaitear nach raibh i
Jimmy sa tsráid ach ‘duine gan ainm’. Leis sin, is léir nach
bhfuil ciall dá laghad leis an
bhforéigean a tharlaíonn ag deireadh an ghearrscéil. Ba ghnáthdhuine é Jimmy nach raibh aon bhaint
aige leis an mbaol, an bhagairt ná an dainséir atá le brath sa scéal seo.
Léiríonn Ní Ghrianna an foréigean seicteach a tharla go laethúil sa chathair go han-chumasach sa bhealach sin le
húsáid a bhain sí as an atmaisféar gruama dorcha ó thús deireadh an scéil.
Feicimid freisin go mbaintear úsáid as Gaeilge chanúnach Uladh
sa ghearrscéal, rud a
chuireann le nádúrthacht an scéil. Úsáideann an t-údar
focail ar nós ‘oilithreacht’ agus
‘deasghnátha’ ag cur síos ar a nósanna ar an Aoine: tuigtear
dúinn gur saol traidisiúnta,
áitiúil atá acu. Friotal gonta, lom a úsáidtear sa scéal. Úsáideann
an t-údar stíl simplí,
tharraingteach. Ní bhíonn muid ag súil le bás obann Jimmy.
Ba chríoch thragóideach,
thubaisteach í. Fágadh gnáththeaghlach Jimmy gan aon athair,
d’aon ghnó a dhéanann an
t-údar é seo chun scéin agus uafás an tsaoil sin a léiriú do lucht léitheoireachta.
Is léir ó na pointí a luaigh mé cheana féin go bhfaighimid
léargas iontach ar an ngnáthshaol i
mBéal Feirste. Úsáidtear codarsnacht, atmaisféar dorcha agus
friotal go héifeachtach sa
scéal seo. Tá na himeachtaí ar fad sa scéal agus na pearsana
sochreidte. Níl dabht ar bith i
m’aigne go bhfaighimid léargas iontach ar an ngnáthshaol i mBéal
Feirste ón ngearrscéal
‘An
Gnáthrud’ le linn ré na dtrioblóidí.
Scríofa ag Leah Mulloy Bl. 5
Freagra iontach Leah. Maith thú :)
ReplyDelete