Rinneadh comóradh céad bliain an tseachtain seo ar an lá inar síníodh an Conradh Angla-Éireannach. Ba chríoch oifigiúil í an conradh ar chogadh na Saoirse a bhí ag réabadh sa tír ó Mhí Eanáir 1919.
Shínigh toscairí na hÉireann Arthur Griffith, Michael Collins, Eamon Duggan, Robert Barton agus George Gavan Duffy ar son Parlaimint agus Muintir na hÉireann é ar an 6ú Nollaig.
Dár ndóigh bhí an conradh conspóideach agus d'fhág an chonspóid sin a rian ar pholaitíocht na hÉireann ar feadh na mblianta. Thug an conradh neamhspleáchas don tír, ach mar bhall den Chomhlathas, agus ní mar phoblacht mar a bhí daoine ag súil leis. Shínigh toscairí na hÉireann an conradh faoi bhagairt de chogadh a thug David Llyod-George; Príomh-aire na Breataine ag an am, dóibh. Cé gur chreid na toscairí go raibh sé an margadh ab fhearr a bhí siad in ann a fháil ó thaobh na Breataine, níor ghlac De Valera leis.
Ar an taobh eile, chreid Michael Collins a thacaigh an Conradh go dtabharfadh sé don tír an tsaoirse le saoirse a bhaint amach. Géilleadh na 6 chontae sa mhargadh, agus fanann an scéal amhlaidh go dtí an lá atá inniu ann.
Foclóir
comóradh céad bliain - 100 year commemoration
an Conradh Angla-Éireannach - The Anglo Irish Treaty
chogadh na Saoirse - War of Independence
ag réabadh - raging
toscairí na hÉireann - the Irish Delegates
conspóideach - Controversial
neamhspleáchas - Independence
an Comhlathas - the Commonwealth
Géilleadh - Surrendered
amhlaidh - thus/so
Comments
Post a Comment