An Triail - 'Is spéisiúil an léiriú a dhéantar sa dráma An Triail ar an saol mór agus an bealach a chuireann sé leis an tragóid i saol Mháire' Déan Plé ar an ráiteas sin.

Níl amhras ar bith ann ach go dtugtar léargas an-suimiúil sa dráma An Triail ar an gcaoi a chuireann an saol mór le tragóid Mháire. Is cailín óg, soineanta í Máire Ní Chathasaigh atá ina cónaí i dtír a thiomáineann sí chun dúnmharaithe agus chun lámh a chur ina bás féin. I mo thuairim phearsanta, is í an tsochaí ceann de na príomhfhachtóirí a chuireann le cruachás agus tragóid Mháire. Ina measc de na fachtóirí eile creidim go bhfuil máthair Mháire, bean údarásach a shocraigh go mbeadh a hiníon ina bean rialta agus an grá aontaobhach a fhulaingíonn Máire nuair a bhuaileann sí le Pádraig Mac Cárthaigh. Is féidir a rá go bhfuil mianach na tragóide sa dráma seo agus tríd is tríd feicimid Máire, ár bpríomhcharachtar, in umar na haimléise. 


Faightear léargas cuimsitheach ar conas a caitheadh le máthair shingil sna seascaidí sa dráma seo. Ag an am sin bhí greim docht ag an Eaglais ar an tír. Dúirt lucht na hEaglaise gur pheaca marfach a bhí ann páiste tabhartha a thabhairt ar an saol agus is sin céard a rinne Máire. Bheadh náire gan teorainn ar theaghlach inar rugadh páiste taobh amuigh den phósadh. Tugadh bata agus bóthar d’fhormhór na máithreacha singile a bhí ag iompar clainne. Mar a fheicimid le cás Mháire, is beag meas a bhí ag pobal na hÉireann ar dhaoine cosúil léi agus bhí an chuid is mó den tsochaí níos buartha faoi tuairimí na gcomharsan ná leas a muintir féin. Is seo ró-shoiléir ó iompar máthair Mháire a thréigeann a hiníon in am an ghátair, ‘mé náirithe os comhair na gcomharsan’ ach feictear an iompar céanna ó Bhean Uí Chinsealaigh ‘cad a déarfadh na comharsanna?’. D’fhéadfaimis a rá go seasann tuairimí Bean Uí Chinsealaigh do thuairimí an ghnáthdhuine sna seascaidí. Ní raibh sí gaolmhar le Máire in aon chor, d’oibrigh Máire go dian dícheallach di ach fós bhí náire uirthi nuair a chonaic sí go raibh Máire ag éirí ‘trom’. Dhiúltaigh sí aon thuiscint a thaispeáint do Mháire agus dá cruachás. Bhí Máire bhocht, agus na mílte bean a bhí cosúil léi, stoite amach go hiomlán ón tsochaí inar tógadh iad: sochaí fhimíneach a bhí ag maíomh go poiblí gur Críostaithe a bhí iontu ach nár chleacht an Chríostaíocht riamh. Tríd is tríd, faightear léiriú gruama ar sochaí na hÉireann sa dráma An Triail agus gan dabht cuireann sí go mór le tragóid Mháire ag deireadh an scéil nuair atá an t-aon chéim fágtha ag Máire ná an saol a fhágáil. 

 


Is dócha gur bean agus máthair thipiciúil den am sin a bhí máthair Mháire. Bhí brionglóid aici go mbeidh “Seán ina shagart agus Máire sna mná rialta agus Liam i mbun na feirme.” Bean bhréagchráifeach, fhimíneach a bhí inti áfach agus cé go luaigh sí Dia go minic, nuair a fuair sí amach go raibh a haon iníon amháin torrach is í neamhphósta, ba bheag rian den Chríostaíocht a bhí le feiceáil. Thairg sí deoch leighis do Mháire, agus í ag déanamh tagartha d’fhocail Dé. Rinne sí iarracht an ghin a mharú, rud an-fhimíneach do bhean a bhí ag guí agus ag caint faoi Dhia go minic dar liom, ‘Níl aon pheaca deireadh a chur le rud neamhghlan - rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag Duine’. Nuair nach raibh Máire sásta glacadh le réiteach a máthar, ‘fáil réidh leis an leanbh nó dul go Sasana’, tugann a máthair an bóthair di agus tosaíonn sí ar a turas go dorchacht na síoraíochta. Cuireann máthair Mháire isteach go mór ar phlota an dráma. Ní léiríonn sí aon trua nó comhbhrón dá hionín, ní thugann sí puinn tacaíochta di agus mar seo, cuireann a hiompar isteach go mór leis an tragóid a bhuaileann le Máire ina saol. 

 

Bíonn cor i gcinniúnt Mháire ar an oíche a bhuaileann sí le Pádraig Mac Cárthaigh, iar-ábhar sagairt atá pósta le bean atá an-tinn. Is sliomadóir slim sleamhain é atá mídhílis dá bhean chéile, do mháire agus dá dhara bean chéile ina dhiaidh sin. Baineann sé leas as an easpa taithí saoil atá ag Máire chun í a mhealladh go héasca. Déanann Pádraig pósadh bhreagach le Máire, ‘leis an bhfáinne seo déanaim tú a phósadh’. Creideann Máire go bhfuil fíor ghrá idir í féin agus Pádraig agus muna raibh a bhean chéile ann, phósfaí go dlíthiúil iad. Nuair a fhaigheann Pádraig amach go bhfuil Máire torrach áfach séanann sé a fhreagracht. Teitheann Pádraig agus fágtar Máire gan aon thacaíocht nó cúnamh nuair a bhíonn cabhair ag teastáil go gearr uaithi, ‘an ród atá romham caithfidh mé aghaidh a thabhairt air ina aonar.’ Thug Pádraig orduithe do Mháire sular threig sé í, ‘ná luaigh m’ainm le aon duine’ agus bhí an oiread sin grá aici dó go nofrálann sí a saol féin mar íobairt gan ag scaoileadh a ainm go brách na breithe chun é a chosaint. Thit an lug ar an lag do Mháire nuair a tháinig Pádraig go teach an mhíchlú ag deireadh an dráma agus déanann sé comparáid idir í agus a bhean chéile nua, ‘is beag is ionann sibh - a striapach’. Is é seo an radharc is tragóidí sa dráma ar fad. Cé nach raibh páirt ag Pádraig ach ag tús agus ag deireadh an dráma, tá sé mar chúis gach oilc i saol Mháire.  


Is léir go bhfulaingíonn Máire go mór i rith a saoil. Gan dabht ar bith, cuireann an saol mór lena tragóid, tá an tsochaí, a máthair agus Pádraig go léir freagrach as cuid mhór den fhulaingt seo sa dráma ‘An Triail’. In ainneoin a bheith ag tacú agus ag cabhrú lena hiníon, tréigeann Bean Uí Chathasaigh í toisc go bhfuil ‘peaca’ déanta aici de réir na heaglaise. Cuireann mhímhacántacht, gliceas agus mídhílseacht Pádraig go mór le críoch bhrónach an dráma. Tá an léiriú seo thar a bheith spéisiúl mar cé go bhfuil sé soiléir dúinn mar lucht féachana san aonú haois is fiche go raibh tionchar diúltach ag Pádraig agus máthair Mháire ar a tragóid, ní ghlacann siad aon fhreagracht, ‘ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur’.



Comments