Dís - Ceist ar úsáid a bhaineann an t-údar as stíl sa ghearrscéal agus conas a chuireann sé leis.

 


Conas go bhfuil an stíl sa ghearrscéal ‘Dís’ tábhachtach agus cad a thagann chun cinn trí úsáid a bhaint as an stíl sin. 


Scríofa ag Kate Phelan, Emma O Dwyer, Alex FitzPatrick, Saoirse Mac Ardail.


Stíl na drámaíochta a chleachtar le linn an ghearrscéil ‘Dís’. Tá an gearrscéal seo i bhfoirm

comhrá, cosúil le hagallamh. Tá sé seo tábhachtach toisc go gcabhraíonn sé le féith an

ghrinn sa scéal. Mar thoradh ar an stíl seo, tagann an chodarsnacht idir an dá phearsantacht

chun cinn.





Tá béim ollmhór ar an gcomhrá sa ghearrscéal ‘Dís’. Tá an comhrá go huile is go hiolmán

stiúrtha ag an mbean chéile agus gan í bheadh an fear chéile sásta suí go ciúin ag léamh an

pháipéar. Cabhraíonn stíl an ghearrscéil coimhlint a cruthú idir an bheirt agus iad i mbun

comhrá nádúrtha, réalaíoch faoin suim atá ag an mbean chéile dul amach ag obair. Feicimid

easpa suim an fhir ar an toipic ghinearálta do stádas a bhean chéile sa tsochaí agus feicimid

na freagraí cliste searbhasacah ón mbean chéile. Tuigimid an saghas caidreamh atá acu.

Tá stíl ghonta, thaitneamhach, éifeachtach sa ghearrscéal seo. Tá rithim na cáinte chun

tosaigh agus cabhraíonn sé sin le féith an ghrinn sa scéal. Feictear an greann seo sa chaint

dhíreach nó sa chomhrá idir an lánúin. Tá an bhean greannmhar nuair atá sí searbhasach le

Seán, “ceard bheadh ag bean ach leanbh!”. Tá Seán greannmhar nuair a usáideann sé an

páipéar mar sciath chosanta ar a bhean chéile. Tá greann ann freisin nuair a cháineann sí

bean an tsuirbhé toisc gurbh fhéidir go raibh sí ag insint bréag (mar a bhí sí féin). Tá an stíl

seo éifeachtach mar tá sé suimiúil agus spreagúil.



Téann an bhean i muinín na híoróine agus an tsearbhais go minic sa scéal. Baintear úsáid

éifeachtach as íoróin nuair a deir an bhean ‘Leanbh. Céard eile a bheadh ag bean ach

leanbh’. Tá pearsantacht searbhasch aici agus tagann sé seo chun cinn le linn an scéil. Tá

an bhean ag iarraidh magadh a dhéanamh faoi stádas na mban sa tsochaí, níl fonn ar bith

ar a fear céile éisteacht léi ag gearán. Nochtaíonn an scéal nach bhfuil meas madra ag fir ar

mhná. Faoi dheireadh an scéil níl aon rud athruithe, rinne an bhean an iarracht is fearr a

cuid mothúcháin a phlé lena fear céile ach teipeann uirthi. Déantar athrá ar na línte ‘Lánúin

cois tine tráthnóna. Leanbh ina chodladh sa phram’, tugtar le feiscint dúinn go leanfaidh an

saol ar aghaidh mar atá. Ní réitíonn said an fhadhb agus ní athraíonn an caidreamh

eatarthu, in ainneoin iarrachtaí is fearr na mná.

Comments