Gutháin Chliste agus Táibléid ag cruthú fadhbanna do mheabhair sláinte i bpáistí chomh hóg le 2 bhliain d'aois
Tá an
rabhadh faighte againn le tamall anuas ó na saineolaithe, go bhfuil táibléid
agus gutháin chliste ag cruthú fadhbanna meabhair sláinte i bpáistí chomh hóg
le dhá bhliain d'aois. 'Sé a dhóthain de, ag caitheamh uaire in aghaidh an lae
ag stánadh ar scáileán chun an seans a ardú don pháiste a bheith ag mothú níos
imníche nó faoi ghruaim.
Maíonn
tuairisc ón DailyMail le déanaí go bhfuil seans ann go bhfuil nasc idir am scáileáin
agus easpa fiosrachta, easpa cumais tascanna a chríochnú, níos lú féinsmachta,
agus dochar déanta dá seasmhacht i ndaoine óga. Cé go bhfuil déagóirí sa
chatagóir is contúirtí ó thaobh teagmhála de, tá sé den tuairim anois go bhfuil
daltaí faoi deich mbliana d'aois le hinchinní fós ag forbairt sa bhearna baoil.
Cruthaíonn
taighde atá déanta ag dhá ollscoil i Meirceá; Ollscoil stáit i San Diego agus
Ollscoil Georgia, go gcaitheann roinnt páistí suas go cúig uair an chloig go
laethúil ag féachaint ar ghléasanna digiteacha. Deir taighdeoirí go bhfuil an
t-am caite ag déagóirí agus páistí ag féachaint ar ghléasanna dáiríre ach
inseachanta chomh maith mar ionchur ar an sláinte meabhrach.
Forbraíonn
leath de na fadhbanna sláinte meabhracha roimh an ógántacht, ach is léir go
bhfuil géarghá ann na cúinsí atá nasctha d’fhadhbanna den saghas seo sa daonra
a aithint agus a iniúchadh. Tá sé beagnach dodhéanta tionchar a bheith orthu,
ach níos fusa fós iompar i bpáistí a athrú. Tá dualgas ar thuismitheoirí ar an
gcéad dul síos agus ar mhúinteoirí ar an dara dul síos an méid ama a chaitheann
déagóirí agus páistí ar líne agus ag féachaint ar an teilifís a shrianadh agus
a ghearradh síos fad is atá siad ag staidéar, ag ithe agus fiú ag imirt spóirt
lena gcairde. Tá nósanna na bpáistí ag athrú, agus bíonn sé de bhrionglóid
anois ag gasúir óga a bheith ina 'Youtuber'
sula gcuirfeadh siad geansaí peile Manchester United orthu.
Ó thaobh na
taighde atá déanta air seo, tá méadú fá dhó den seans go mbeadh déagóirí faoi
ghruaim nó ag fulaingt de mhíshuaimhneas dá mba rud é go gcaitheann siad seacht
n-uair an chloig ós comhair scáileáin. D'aimsigh staidéir chomh maith go bhfuil
naisc láidre ann idir fholláine agus am scáileáin i measc na n-ógánach.
Deirtear go bhfuil ceangail níos treise idir an méid ama a chaitear ar na meáin
shóisialta i gcomparáid lena bheith ag féachaint ar fhíseáin agus scannáin.
Aithnítear
go raibh dhá sheans níos mó ag páiste faoi chúig a bhí ina ard úsáideoir de theicneolaíocht
éirí teasaí. Anuas air sin ba bheagnach mar an gcéanna nach raibh siad in ann
iad féin a shocrú dá mba rud é gur éirigh siad oibrithe. Níl aon agó ach go
bhfuil méid an ama a chaitear leis na gléasanna ag ardú, níl a mhalairt ag tarlú,
agus ní fhéachann sé go bhfuil athrú chun tarlú go luath. Roimhe seo, bhí na
tuairiscí a tháinig amach measctha, ach tá gort an taighde i bhfabhar an méid
ama a laghdú ag fás as cuimse le gairid anuas. Níor tharla sé ach an bhliain
seo gur rangaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte neamhord cluichíochta ar an
aicmiú idirnáisiúnta de ghalair. Níl leigheas ag teacht ar an bhfadhb dár
ndóigh.
D’fhógair
na saineolaithe a rabhaidh faoi na handúiligh óga seo, go bhfuil i mbaol de
neamhchodladh, mhurtall, chibearbhulaíocht agus ag cailliúint scileanna
sóisialta luachmhara le heaspa cumarsáide a dhéanamh le daoine go laethúil. In
am an ghátair atáimid i láthair na huaire, agus gan ghníomhartha, is ag snámh
in aghaidh easa a bheimid i gceann bliana nó dhó. Níl aon mhaith sa seanchas
nuair atá an anachain déanta.
Tháinig roinnt de na tuairimí atá thuas
bunaithe ar alt a
fhoilsíodh ag an NZHearald ar an 13ú Samhain
2013
https://www.nzherald.co.nz/lifestyle/news/article.cfm?c_id=6&objectid=12154228&fbclid=IwAR3W_74gmI-Z9DsyQxV02ACvQDx1O92qsVG-xJve1Ma4Kxal4tZ84MMFX9A
Comments
Post a Comment