Gan Díon, Gan Dóchas - le Felicity Ní Mhaoldomhnaigh


Gan Díon, Gan Dóchas



Mar is eol do chách, tá méadú as cuimse tar éis teacht ar líon na ndaoine gan dídean timpeall na tíre. Is oth liom a rá gur tháinig méadú 18% ar an bhfigiúr do dhaoine gan dídean ó Mhí an Mheán Fomhair an bhliain seo chaite. Tá líon na ndaoine gan dídean anois ag 9,681 - páistí agus daoine fásta san áireamh. Is éagóireach an ní é agus cuireann sé alltacht orm. Cé go séanfaidh na polaiteoirí é, tá an tír seo in umar na haimléise. Is scannallach an rud é nach bhfuil faic á dhéanamh ag an Rialtais fad is atá an fhadhb mhillteanach, nimhneach seo ag leanúint ar aghaidh gan stop, gan teorainn. Meastar go dtéann thart ar chéad fiche duine ina gcodladh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath gach aon oíche. Thairis sin, tá an mhuintir eile ag fánacht i mbrúnna sealadacha nó i dtithe leaba is bricfeásta de chineál éigin. Tá an saol chomh deacair ar na daoine sin nach mbíonn aon dul as. Casann go leor astu ar dhrugaí agus chóiriúlacht mar thoradh.



Dearbhaíonn catharnacht de chuid Catharnacht Shíomóin, Novas agus Focus go bhfuil géarghá le gníomhú láithreach ón rialtais agus ón Aire Tithíochta Eoghan Murphy chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Ní mór dúinn go léir gníomhú anois agus plean éifeachtach, tapa a chur i bhfeidhm chun cabhrú le clainne agus le daoine inár gceantar atá ag fulaingt go géar i bpriacal eacnamaíoch. Cé nach bhfuil sé mar dhualgas reachtúil ar údaráis áitiúla tithe a chur ar fáil do dhaoine, tá freagracht ghinearálta orthu faoi Acht na dTithe 1988, tithe a chur ar fáil do dhaoine fásta nach bhfuil sé ar a n-achmhainn íoc astu iad féin. Thar gach ní eile, is dóigh liom go gcaithfidh an rialtais maoiniú a chur ar fáil do chomhlachtaí deonacha le haghaidh cóiríocht éigeandála agus chun tithíocht fhadtéarmach a shocrú do dhaoine gan dídean. Dála an scéil, is ceart daonna é go mbeidh fascadh agus díon ag gach uile duine sa tír mar sin caithfimid an scéal millteannach seo a shocrú go gasta.



Le Felicity Ní Mhaoldomhnaigh - Dalta ó Bhliain 6



Comments