'Do bhí na
hÉireannaigh rómhaith dúinn anocht, treise leo.' Sin a dúirt Kieran Reid,
captaen na Nua-Shéalainne i ndiaidh bua stairiúil d'Fhoireann Rugbaí na
hÉireann ar oíche Shathairn; 16-9 ina n-aghaidh. Ba é an chéad chailleadh a bhí
ag Nua-Shéalainn san Eoraip ó 2012. Agus níorbh ann ach an dara bhua a bhí ag na
hÉireannaigh ina n-aghaidh i gceann 32 cluiche idirnáisiúnta agus an chéad uair
ar ithir na hÉireann riamh.
Ní féidir
linn ach aithint speisialta a thabhairt do chos Johnny Sexton a thug 11 pointe dúinne agus féinmhuinín
Jacob Stockdale a thug spás anála dúinn le húd a chruthaigh sé é fhéin le cic
thar líne cosanta na Nua-Shéalainne. Nóiméad de dhraíodóireacht a bhí ann ó
Stokedale, fear nach bhfuil ach 22 bliain d'aois, ach ag taispeáint dúinn cén
fáth go dtugann Joe Schmidt geansaí uimhir a haon déag dó. Ach ní hiad amháin a d'imir go sár-chaighdeán aréir.
An seasamh a léirigh imreoirí ar nós Furlong, O Mahoney, Healy agus Marmion, léirigh siad
go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag foireann na hÉireann ón gcailliúint a bhí
againn sa bhliain 2013 i mBóthar Landsdown. Ag an bpointe cinniúnach sa
chluiche, ní raibh na hÉireannaigh in ann 'na Dubhadóirí' a chóiméad amach. Casadh
é sin ar a cheann aréir áfach nuair a tháinig a leithéid do Luke Marshall, Joey
Carberry agus Jack MaGrath ar an bpáirc. Is léir go bhfuil imreoirí agus
tacaíocht breise againn in áiteanna nach raibh againn cheanna. Léirigh siad
seasmhacht agus cumas nach raibh againn roinnt blianta ó shin.
Ag druidim
i dtreo an chluiche an tseachtain seo, bhí amhras mar gheall ar láidreacht na
hÉireann gan a leithéid de Seán O'Brien, Conor Murray agus Robbie Henshaw, ach thaispeáin
Éire léiriú intinne den doimhneacht atá againn ar an bhfoireann. Ba léir le
linn na seachtaine chomh maith go raibh muinín ag na hÉireannaigh nach raibh
acu roimhe seo. Bhí lucht na n-iriseoirí den tuairim go raibh níos mó ná deis
ag lucht na hÉireann fiú gan na himreoirí láidre thuasluaite.
Chuir na
hÉireannaigh a gcoirp síos ar an líne sa chéad agus sa dara leath chun na
Dubhadóirí a dhúnadh amach agus níor lig siad cead dóibh úd a fháilt. Ba é an
chéad uair a tharla a leithéid de sin in aghaidh foirne ón leathsféar thuaidh ó
1995, nuair nach bhfuair siad scór 5 phointe i gcoinne na Fraince. B'éacht ar
leith a bhí ann dóibh. Ba é a n-aontú bua déag as a chéile ag baile, agus
tugann sé bunchloch láidir dúinn inár n-ullmhúchán don Chorn Domhanda a bheidh
ar siúl an bhliain seo chugainn sa tSeapáin.
Oíche
chinniúnach dochreidte éachtach do lucht na hÉireann a bhí ann agus a bheidh i
mo chuimhne ar feadh i bhfad. Bogfaimid ar aghaidh go dtí an chéad chluiche
eile in aghaidh na Stáit Aontaithe. Ní dóigh liom go mbeidh an teannas céanna
ann, ach deis do Schmidt imreoirí nua a thriail gan dabht. Is léir go bhfuil
dóchas sa tír seo ag ardú agus le gach aon rud eile atá ag tarlúint faoi láthair,
nach deas a bhí sé, dearmad a dhéanamh
faoi fhadhbanna an tsaoil ar feadh 80 nóiméad agus seoid de chluiche a fheiceáil
idir dhá ollchumhacht rugbaí.
Comments
Post a Comment