Teip an Daonlathais, Breosla na heite deise?






Choiméad mé súil ar an bhfeachtas Úachtaráin anseo in Éirinn le tamall anuas. Agus tá an scéal sin curtha chun deireidh le Micheál D Ó hUigínn, tofa athuair ina Uachtarán ar Éirinn. Mhuscail sé roinnt ceisteanna, ceist na Gaeilge,  ceist faoi chaitheachas an Uachtaráin, ról an Uachtaráin agus eile nach iad. 








Bímid de shíor ag féachaint trasna an Atlantaigh. Aon rud a dhéanann na Meiriceánaigh, leanann na hÉireannaigh cúpla bliain níos déanaí. Tháinig Trump, tháinig Clinton, d'fhan Trump, d'imigh Clinton. Nuair nach bhfuilimid ag féachaint trasna an Atlantaigh, féachaimid i dtreo ár gcomharsanna sa Bhreatain. Nuair a chinn David Cameron gur smaoineamh maith a bheadh ann, reifreann an Bhreatimeachta a chur ar siúl, smaoinaíomar nach mbeadh seans dá laghadh ann, go dtiocfaimid slán as, go mbeadh lá eile ag an bPaorach. Go bhfanfadh an chiall, agus nach raibh siad dúr fiú ag smaoineamh faoin gceist. D'éirigh le na 'Brexiteers' ar deireadh. 





Bhí ceist achrannach thall sa Bhrasáil le cúpla mí anuas, a n-Uachtarán nua, troid idir bheirt, fear darbh ainm Jair Bolsonaro agus Fernando Haddad. Tháinig Bolsonaro tríd slán le 55.1% de chéadtadán an vóta. Ní saineolaí mé ó thaobh polaitíocht na Brasáile, ach tá an cuma ar an scéal gur leis an taobh dheas é Bolsonaro. Ní cóngarach go dtí an lár, ach ag an taobh eile den pháirc. 


Measaim, ag teacht chun deireidh, ná tá ocras ann ar fud an domhain, ní hamháin anseo in Éirinn. Tá príomhbhéile de 'Athrú' ag teastáilt do mhuintir. An t-aon ionadh a tháinig amach as rás an Uachtaráin anseo in Éirinn ná an spleodar a léirigh Peter Casey nuair a tháinig sé amach in aghaidh an lucht siúil agus íochtaíochtaí leasa shóisialaigh. Ní hé go n-aontaím go hiomlán leis, ach an bealach a chuir sé a argóintí trasna. Ba léiri nach raibh mórán measa de leithéad na ceartaiseachta pholiticiúla. 

An é go bhfuil rotha an tsaoil pholaitiúil ag casadh? Agus an é, go gcaithfimid a cheistiú an bealach ina bhfuil na meáin ag túirisciú na n-eachtraí seo? Ar deireadh fuair Casey thart ar 330,000 vótaí nó 20% de chéatadán de vótaí céadrogha. Ní dóigh liom gur tháinig sé sin trasna, nó ar theastaigh uatha (iad sna meáin) go dtiocfadh sé trasna? 

Nílim ach ag ceistiú, ach an é go bhfuil sé de nós ag daoine na laethana seo a bheith míshona, míshásta, cibé córais, cibé seirbhís a bhíonn ós a gcomhair acu, agus nach uatha ach gearáin a thabhairt. Níl aon rud níos fearr ná an aimsir mar scéalaí dar ndóigh.

Comments