An Bhreatimeacht - ag seasamh sa bhearna baoil de shíor


Is léir go mbeidh éifeacht uafásach orainn anseo in Éirinn munar féidir le Theresa May agus a comhghlacaithe sa Bhreatain teacht ar réiteach suntasach don cheist phráinneach seo den Bhreatimeacht. Ní mór dúinn a chinntiú go dtuigeann Barnier agus Juncker ár riachtanais anseo in Éirinn. Is léir go mbraitheann lucht feirmeoireachta na hÉireann ar an mBreatain le cúpla céad bliain anuas le haghaidh margadh ar son bainne, mairteola, prátaí, glasraí agus eile nach iad. Fiú le linn an ghórta mhóir,  d'imigh ár n-acmhainní ganna trasna na farraige chun na Breataine. Anois, tá an cuma ar an scéal nach mbeidh an margadh sin againn i gceann bliain nó dhó, munar féidir le lucht na díospóireachta teacht ar fhreagra dúinn.

Ní hamháin an lucht feirmeoireachta a fhulaingeoidh, ach gach earnáil atá againn ar an tír seo. Tá ceist na teorann á crá na saoránaigh ó Thuaidh. Ach dár ndóigh is iad lucht feirmeoireachta atá ag seasamh ar leith i láthair na huaire. Ó thaobh earraí úra, agus de chaighdeán ard, níl a leithéid in aon chúinne an domhain cosúil leis ag gcaighdeán atá againn in Éirinn buíochas d’eagraícohtaí ar nós Bord Bia. Áfach, oireann an earra sin margadh na Breataine. Thar na céid blian, tá tuiscint doimhin idir fheirmeoirí anseo agus cheannaitheoirí sa Bhreatain. Is léir anois dúinn go bhfuilimid sa bhearna bhaol, agus muna dtagaimid slán as, beidh deireadh le muintir na tuaithe agus na feirmeoirí a thugann seasmhacht agus neart do na ceantair sin ó cheann ceann na tíre. Tá neart oibre déanta ag an Aire de Ghnóthaí Eachtracha Simon Covney go dtí seo, ach gan amhras níor sheasamar roimh dhúshlán den sórt sin riamh sa chuimhne beo. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, agus le Cúnamh Dé, ní dhéanfaidh daoine dearmad air.

Scríobh M. de Blacúil an píosa seo ar son a rang bliain 6
Mar tuigeann sé cúrsaí feirmeoireachta níos fearr ná éinnne seachas M. de Buitléir.

Comments