An bhfuil luach ag baint le ról an Uachtaráin sa tír seo - le Evan Hanley



I mo thuairim tá luach beag ag baint le ról an uachtaráin in Éirinn. Ta an tUachtarán mar íomha agus siombail na tire. Is fíor a rá go bhfuil Micheál  D. tabhachtach. Ach, tá costas mór ag baint leis.


Toghadh Micheál D. i mí na Samhna, 2011. Is léir go bhfuil luach leis an ról seo. Tá sé mar ionadaí don tír nuair a thugann sé cuairt ar thíortha eile. Ach sin an fhadhb dar liomsa. Nuair a théann sé thar lear, cé a íocann as an turas sin? Na cáiníocóirí. Saothraíonn sé timpeall €250,000 in aghaidh na bliana. Thar é sin, tá orainn íoc as na costais go léir atá aige. Chaith an tír thart ar €300,000 ar taisteal don Uachtarán an bhliain seo. Cén fath nach bhfuil na costais sin ag teacht as a phá féin? Cuireann sé soir mé nach bhfuil an t-airgead sin ag dul i dtreo rud úsáideach, cosuil leis an bhfadhb le daoine gan dídean.


Ní bréag a rá go bhfuil luach aige agus an ról atá aige. Tá an tUachtarán mar shiombail agus íomhá na tíre seo. Gan é, ní bheadh aon fheidhm bunreachtúil. Ach níl an méid cumhachta céanna aige i gcomparáid le hUachtarán na Stáit Aontaithe dar ndóigh. Tá freagracht i bhfad níos mó aige ná ata ag Micheál D. Tá Uachtarán na Stáit Aonaithe Meirceá mar thaoiseach na tíre. Is léir go bhfuil luach ag Micheál D. Ach níl sé chomh luachmhar le hUachtaráin eile.


Ar an iomlan, is cur amú ama agus airgead é an tUachtarán sa tír seo. Ba cheart go mbeadh níos mó cumhachta aige i gcomhair an saghas ról atá aige.

Tá an t-alt seo scríofa ag Evan Hanley.
Is dalta ón gcúigiú bhliain é Evan.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis as an am a chaith sé leis.
M. de Blacúil

Comments