Prós na hArteiste - Tréithe Fiannaíochta i láthair in Oisín i dTír na nÓg - le Holly Ryan



Oisín i dTír na nÓg - Tréithe Fiannaíochta i láthair in Oisín i dTír na nÓg

Tá go leor tréithe le feiceál sa scéal Fiannaíochta béaloidis, Oisín i dTír na nÓg. Úsáidtear draoícht mar theicnícht scéalaíochta chun an saol osnádúrtha a chuir trasna sa scéal. Úsáidtear logainmneacha mar chodarsnacht chun an saol réalaíoch a chuir ós ár gcomhair freisin. Leis an dá thréith seo in úsáid, bíonn an saol réalaíoch agus an saol osnádúrtha fite fuaite lena chéile sa scéal béaloidis seo.

Ar an gcéad dul síos, is léir do chuille dhuine go bhfuil an tréith draoícht mar phríomhthréith sa scéal. Tá go leor samplaí. Mar shampla an chumhacht osnádúrtha a bhí ag Oisín. Chaith Oisín cloch ollmhór '7 bpéirse' san aer, cloch nach raibh 300 fear in ann bogadh. Sampla eile ná an capaill bán. Bhí Oisín fós ina fear óg láidir tar éis maireachtáil i dTír na nÓg le Niamh ar feadh na mblianta, ach nuair a “thit sé den éach bhán”, d’aistrigh sé isteach go seanfhear briste. B'áit dhraochtúil Tír na nÓg í féin. Áit osnádúrtha í, ina raibh gach duine óg. Níor chónaigh aon seanduine ann toisc gur choiméad Tír na nÓg iad féin óg. Nuair a d’fhág Oisín a athair agus na Fianna chuaigh sé leis tríd an fharraige ar chapall bán agus Niamh in éineacht leis. Nuair a shroich sé an fharraige, scar an fharraige i dhá leath ós a gcomhair chun é a ligint isteach go Tír na nÓg. Léiríonn sé seo cumhacht na mban freisin i rith an ama sin. Sa scéal tá go leor cumhachta agus stádais ag Niamh, i rith ama na gCeilteach, i gcomparáid le cumhacht na mban i rith am na meánaoise. Ní raibh aon stádas, cumhacht nó ceartaí acu.

Ar an dara dul síos, is minic a feictear logainmneacha in úsáid sa scéal Fiannaíochta seo. D’úsáid siad na logainmneacha mar chodarsnacht ar an tréith draoícht agus chun cumadh na fírinne a chur ar an scéal. Bhí an léitheoir in ann an chaidreamh idir na fíor áiteanna agus fíor logainmneacha sa scéal a fheiceáil. De bharr seo, chreid daoine go raibh an scéal suite in Éirinn fadó fadó. Samplaí de logainnmneacha ina d’úsáid siad ná Gleann na Smól i gCill Mhantáin agus Loch Léin i gCill Airne. Is fíor áiteanna áille gleoite ina bhfuil lán le dúlra. Sin ceann de thréith eile ina feictear i scéalta Fiannaíochta. Bhí na Fianna an tógtha leis an dúlra agus is minic a nochtar roinnt samplaí dóibh ina scéalta.


Feictear an tréith de thírghrá agus uimhreacha go minic sa scéal seo dár ndóigh. Bhí Oisín an tógtha le hÉirinn. Fiú nuair a raibh sé ina chónaí in áit álainn draoíchtiúl ar nós Tír na nÓg, fós theastaigh uaidh teacht ar ais chuig a áit dúchais. Bíonn uimhreacha caite i ngach aon áit sa scéal. Úsáidtear na huimhreacha tábhachta 10,7 agus 3. I gcónaí feictear na huimhreacha seo i scéaltaí mar tá siad éasca le cuimhneamh orthu. Mar shampla, chaith Oisín an chloch mór “ 7 bpéirse” san aer, throid sé leis an bhFathach Fomhair Builleach ar feadh trí lá agus trí oíche agus eile nach iad. Cuireann sé seo béim ar leith ar rudaí éagsúla sa scéal, ar nós a rabhadh a thug Niamh go hOisín 3 uair. Cuireann sé seo le háibhéal an scéil agus conas a théann sé i bhfeidhm ar an lucht éisteachta.

Mar fhocal scoir, tá an oiread sin tréithe laistigh den scéal Oisín i dTír na nÓg. Na príomh cinn i mo thuaraim mheáite ná draoícht agus logainmneacha. Bhí roinnt miontréithe sa scéal agus luaigh mé cheanna iad, ar nós cumhacht na mban, tírghrá, dúlra agus uimhreacha. Is scéal dea simplí é ina raibh so-léite le friotal saibhir agus suimiúl.




Scríobh Holly Ryan an cheist seo bunaithe ar thréithe Fiannaíochta
atá le feiceáil sa scéal 'Oisín i dTír na nÓg'
Is mac léinn sa chiúgiú bhliain í Holly.

Comments