Rinneadh comóradh ar an sos cogaidh a tharla céad bhliain ó shin nuair a chuireadh tost ar na gunnaí, le críoch an Chéid Chogadh Domhanda.
Labhair Ó hUiginn ós comhair slua mór i Reilg Ghlas Naíon inné. Dúirt sé gur lá a bhí ann ar son na ndaoine(thart ar 200,000 dóibh), fir agus mná araon ó cheann ceann na tíre bige seo, ó Thuaisceart go Deisceart, ón Iarthar go hOirthear a d’fhág an tír seo agus a rinne seirbhís ar son na Ríochta le linn an Chéid Chogadh Domhanda. Rinneamar cuimhneamh inné ar na mílte daoine nár fhill abhaile. Níor lig Ó hUiginn dúinn dearmad a dhéanamh gur san ithir sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghréig agus sa Tuirc atá na daoine bochta sin fágtha, agus a bheidh fágtha ann go deo.
Do na saighdiúirí a tháinig abhaile, chuaigh siad tríd am deacair i bhféiniúlacht na tíre seo. Tír a bhí ag dul tríd a troid féin ar son neamhspleáchais, agus formhór an ama, b’easpa tuisceana a léiríodh ar na saighdiúirí nach raibh sásta dul i mbun na ngunnaí arís ar son troda éagsúla ar fad a bhí ag tarlú in Éirinn. Ba dheacair dóibh siúd, a n-áit a aimsiú sa tír a bhí ag athrú ar luas milltineach. Ar feadh na mblianta, níor tugadh aitheantas ceart do na saighdiúirí sin agus an streachailt chrua a bhí acu ina dtír dúchasach. Deoraithe ab ea iontu.
Táimid ar an mbealach i dtreo feabhais, agus tá caint ann inniu nach raibh ann, 10 mbliain ó shin. Cé go raibh moill mhór leis an tuairim, tá forbairt ag teacht ar an ról a bhí ag Saoránaigh na hÉireann a roghnaigh(ní raibh coinscríobh i bhfeidhm sa tír)dul agus troid san arm. Cúinsí eacnamaíochta a bhí ann den chuid is mó den am. Punt in aghaidh na seachtaine a bhí an íocaíocht in aimsir ina raibh daoine ag streachailt le heaspa bia, airigid agus fostaíochta in Éirinn. Le fás tuisceana, tá aitheantas níos fearr á dtabhairt againne go na mná agus fir chróga, óga a d'imigh sall. Tá níos mó léargais anois sna fáthanna a roghnaigh daoine a chuaigh trasna na dtonnta.
Tá scéal an phoipín go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire agus an brú sóisialta atá curtha ar an imreoir proifisiúnta sacair James McClean agus an seasamh atá tógtha aige i gcoinne an phoipín de bharr an shiombalachais a bhaineann sé leis agus sean-impireacht na Breataine. Is léir go bhfuil cúinsí pearsanta ag McClean don chinneadh seo. Is léir gur thógfadh é i dTuaisceart na hÉireann, rugadh i nDoire, fad is a bhí na trioblóidí fós ag dul ar aghaidh, agus cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí, tá deighilt mhór teannasach ann ó thaobh na gCaitliceach agus bProtastúnach de fós.
Dár ndóigh, níor sheas Cumann Sacair Shasana suas dó agus a cheart de shaoirse cainte. Tá roinnt den tuairim toisc go bhfuil sé sásta a phroifisiún a leanúint i Sasana, go bhfuil freagracht air a nósanna Sasanacha a leanúint. Chruthaigh sé roinnt achrainn le seachtain anuas agus annuraidh chomh maith. Fuair McClean an-chuid tacaíochta anseo in Éirinn de bharr a chinneadh pearsanta agus a fhód a sheasamh. Ach fós féin, aibhsíonn sé roinnt ceisteanna, mar gheall ar ár stair féin agus ár bhféiniúlacht agus conas gur ceart dúinn ómós ceart a léiriú ar na hÉireannaigh a throid ar son na Ríochta a bhíomar mar chuid de ag an am.
Ní bun agus barr na ceiste atá agam anseo ach ag tabhairt aird ar cheist thábhachtach i sochaí na hÉireann agus ár mbaint féin le cuimhneachán sa tír.
‘Lest we Forget’
Comments
Post a Comment