An Ghaeilge - Cloch Choirnéil ár gCultúr








Le rás an uachtaráin ag teacht chun deireidh le lá na vótála amárach, tháinig roinnt ábhar suas le linn na ndíospóireachtaí uile ó thús deireadh an fheachtais. Daoine gan dídean, an lucht siúil, agus dár ndóigh an Ghaeilge. Arís tháinig an Ghaeilge chun cinn mar thopaic a chaith an lucht iriseoireachta agus na hiomaitheoirí roinnt ama i mbun argóinte faoi. 



Nuair a bhris Leah Ní Riada agus Mícheál D. Ó hUiginn amach in argóint, ba léir ó Twitter, gur thaitin sé go mór le muintir na tíre. 'Senior championship hurling' a dúirt fear amháin agus sé ag baint taitnimh as go mór. Ach is mór an trua é, nach raibh áit níos láranaí ann ó thaobh ár dteanga dúchais an uair seo. 




Thug Sean Gallagher an gheallúint le linn an fheachtais dheireanaigh, go bhfoghlaimeoidh sé an teanga, ach ag tús an fheastachtais seo, dúirt sé nach raibh an t-am agie le seacht mbliain anuas. Tháinig Peter Casey amach inniu ar Tuairisc.ie ag rá go bhfuil an Ghaeilge mar 'chloch choirnéil' de shochaí agus chultúr na tíre agus nach mbeidh sé i bhfad í a fhoghlaim. Ach an geallúint fholamh í arís mar a dhein Gallagher? Cé mhéid daoine a rachaidh chuig na staisiúin votála amárach leis an gceist sin ina n-intinn? 

Nach ceart go mbeadh Gaeilge shaibhir líofa ag ár gceann stáit. Inseoidh toradh an vótála é sin dúinn amárach. An é gurbh Micheal D. Ó hUiginn an tÚachtarán deireanach a bheidh againn le Gaeilge líofa? Nuair a thógann tú an Ghaeilge ón Áras, cad a bheidh fágtha againn? 'Dwelling' nó 'Abode'? Is maith an scéalaí an aimsir.

Comments