Conas gur thiomáin Tiománaí Táscaí an Bhreatain as an Aontas Eorpach...


Conas gur thiomáin Tiománaí Táscaí an Bhreatain as an Aontas Eorpach...

Is léir go leanann an déistin fós sa Bhreatain faoi eachtrannaigh agus rudaí eachtrannacha. Amhras faoi na heachtrannaigh atá fós go docht domhain i gcultúr na Breataine. Ag tógáil nótaí Euro amach as do phóca i dtacsaí i lár Londain, ní bheidh an tiománaí róshásta leat in aon chor. Fiú féin ag tógáil amach nóta a tháinig ó Thuaisceart na hÉireann nó ón Albain, ní ghlacfaidh siad leis cé gur airgeadra dleathach aitheanta sa Ríocht Aontaithe é. 'Breathnaíonn sé eachtrach domsa, pé scéal é' a bheadh an freagra a bheith acu.

Éist le haon chlár raidió sa Ríocht Aontaithe, agus beidh an argóint chéanna i gcónaí curtha, gurbh iad; na Briotanaigh a bhuaigh an chéad agus an dara chogadh Domhanda, go raibh orthu an Fhrainc a fhuascailt do na Francaigh faoi dhó, agus go mbeidh siad damanta dá mba rud é go mbeadh eachtrannaigh ar nós na Francaigh agus go háirithe na Gearmánaigh ag insint dóibh cad go mba cheart dóibh a dhéanamh. Samhlaigh, daoine nach bhfuil fiú tofa ar nós oifigeach ón Aontas Eorpach ag insint dóibh, ag cur iachall orthu a dtreoracha a leanúint. Tá sé de nós ag na Briotanaigh a bheidh san uachtar agus cuireann sé isteach orthu muna bhfuil.

Image result for radio talk show britain

An t-uchtach agus neamhspleáchas a léiríonn siad; sin an taobh atá i bhfad níos dearfaí ó thaobh na mBriotanach de, an díograis a léiríonn siad chun a bhfód a sheasamh in aghaidh an domhain más gá. Seo an t-uchtach céanna a léirigh siad i gcath na Breataine nuair a sheas siad suas in aghaidh Hitler agus an Luftwaffe, nuair a bhí an cumadh ar an scéal go bhfulaingeodh siad sula gcaillfeadh siad. Fós féin, tháinig siad amach as slán. Sí seo an cheanndánacht a bhfuil de chumas acu, agus ní hamháin de chumas acu, ach tá siad go maith aige.

Ag teacht ar ais chuig an bpointe, an rud atáimse ag iarraidh a rá ná; tagann na rudaí seo ar fad lena chéile, bród, neamhspleáchas, díograis agus uchtach. Chuaigh na rudaí sin ar fad ina gcinneadh nuair a vótáil siad chun an tAontas Eorpach a fhágáil, chomh maith le faitíos, amhras faoi na heachtrannaigh agus claontuairim in aghaidh na n-eachtrannach. Is mothúcháin iad seo ar fad uile, bród, amhras, imní, claontuairim. Ba chinneadh mothúchánach ab ea é. Gan amhras mar sin, ní bheadh aon tionchar ag argóintí réasúnacha ciallmhaire. An t-aon rud a dhéanfadh dochar don chinneadh ná argóint den saghas sin, argóint mhothúchánach chun dul ina aghaidh.

Image result for emotional decision

Agus sin an fhadhb atá ann, níor chuthaigh an tAontas Eorpach croí riamh gur féidir lena saoránaigh féiniúlacht a chothú leis. I gcónaí  do bhí an bhuairt ann i measc náisiúnach go gcruthaíodh ollstát san Aontas Eorpach agus go dtiocfadh sé sin isteach in áit an náisiúnachais. É sin ráite, nach argóint mhaith láidir a tharla ag an deireadh seachtaine le cuimhneachán déanta ar an gcéad chogadh domhanda, go mba cheart dúinn a bheith ag fágáil an náisiúnachais taobh thiar dúinn, agus na cogaí a tháinig leis, ag piocadh aontais agus síocháin ina ionad agus comhobair idirnáisiúnta.

Agus muidne ar an oileán seo, tá ár gcúinsí féin againn go mba cheart dúinn a bheith buíoch don Aontas Eorpach. Lig an tAontas Eorpach i gcomhpháirt le Comhaontú Aoine an Chéasta dúinn a bheith ag obair lena chéile ar an oileán seo mar oileán iomlán de dhaonra atá cóngarach go 7 milliún, in ionad figiúr atá níos cóngaraí de 5 mhilliún. Tá rian coise eacnamaíochta i bhfad níos mó aige sin ná mar a mhalairt. Bhí buntáistí ann do gach éinne, comhobair ar fhuinneamh, sláinte, trádáil agus turasóireacht, sa Tuaisceart agus sa Deisceart. Bhíomar ag forbairt lena chéile, ag dul ó neart go neart.

Image result for the irish border

Maíonn tuairiscí a tháinig amach le déanaí go bhfuil scála na heacnamaíochta sin den oileán iomlán atá timpeall 326 billiún euro, sé sin an tríú eacnamaíocht is mó ar na hoileáin seo i ndiaidh Londain agus Sasana Thoir Theas. Rud a bheadh dodhéanta, ach amháin leis an mbealadh a leag siad na bacainní agus teorainn, é sin ar fad mar chuid de bhonneagar atá mar chuid de shíocháin atá againn ar an oileán seo. Agus muna bhfuil sé sin láidir a dhóthain mar argóint mhothúchánach, níl a fhios agamsa cad a shásódh iad. Áfach ní peaca an dóchas agus dá dhonacht an scéal caithfear dóchas a choinneáil.


Bunaithe ar thuairisc raidió a bhí curtha le chéile ag
Olivia O'Leary do Drive Time ar Radio One.

Comments