Bua nó Dua na Breatimeachta
I 2016 bhí reifreann ag muintir na Breataine chun fanacht nó imeacht ón Aontas Eorpach. Nach scáfar an rud é gur vótáil an tromlach dóibh fágáil. Ón lá a d’fhógraíoch an toradh dochreidte seo, tá sé faoi chaibidil sna meáin beagnach gach aon lá. Tá polaiteoirí, iriseoirí, saineolaithe agus agus dar ndóigh an pobal i gcoitinne ag plé na ceiste céanna, sé sin, cad atá i ndán don Aontas Eorpach agus muintir na hÉireann? Is léir go mbraitheann lucht feirmeoireachta na hÉireann ar an mBreatain le cúpla céad bliain anuas i dtaobh an margadh bainne, mairteola, prátaí, glasraí agus eile nach iad a thagann ón mBreatain. Anois, tá an cuma ar an scéal nach mbeidh an margadh sin againn i gceann blian nó dhó, munar féidir le lucht na díospóireachta teacht ar fhreagra dúinn. Tá sé idir dhá cheann na meá fós faoi conas a chríóchneoidh sé ar deirieadh.
Ba léir ón toradh seo go raibh neart sa Bhreatain ag súil le hathruithe móra. Vóta ab ea é i ndáiríre a léiríonn mothúcháin sheineafóbacha chiníocha. B'iarracht í, stop a chur le hinimircigh ag teacht isteach sa tír mar a rinne siad ar feadh na mblianta ón aimsir an Dara Chogadh Domhanda. Is cosúil go ndearna na Breatnaigh dearmad ar a gcúlra, agus an áit dorcha ina raibh siad i ndiaidh an chogaidh, nuair nach raibh mórán fear fágtha sa tír. Bhí orthu impí a dhéanamh ar dhaoine chun teacht chuig an Ríocht Aontaithe chun an Tír a aththógáil.
Toisc go bhfuil Theresa May agus a comhghlacaithe sa Bhreatain fós i mbun díospóireachta le daoine mar Barnier agus Juncker, tá sé deacair réiteach a thabhairt ar an bhfadhb seo. Is fíor le rá go bhfuil sé deacair a shamhlú cad atá romhainn agus muid fós san Aontas Eorpach. Caithfear fanacht go dtí go bhfuil na comhráití go léir críochnaithe agus caithfear a bheith dóchasach. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus le cúnamh Dé, ní dhéanfaidh daoine dearmad ar sin. Cén tionchar a bheidh ann do Thuaisceart na Tíre seo agus ceist na teorann ar an oileán seo. An mbeimid ag filleadh ar aimsir na dtroidlóidí na seachtóidí agus ochtódaí? Nílimid rud ar bith a dhéanamh ach fanacht. Níl fáil ar an mbainne nach ndoirtear go fóill.
Scríobh Emily Jane O'Shaughnessy an t-alt seo
Is mac léinn sa séú bhliain í Emily
i nGaelcholáiste Luimnigh



Comments
Post a Comment